Seoirse Ó Dochartaigh

  • Music
  • Paintings
  • Archives
  • Lectures
  • Shop
  • 1 item€10.00
“Windmills of the Mind” has been added to your basket. View basket
Lyrics for Downloaded Songs

Lyrics for Downloaded Songs

Na Gamhna Geala (The White Calves)

An Rábaire (The Dashing Blade)      

Seoladh na nGamhna (Driving the Calves)

Casadh an tSúgáin (The Twisting of the Rope)

Máire Ní Mhaoileoin (Mary Malone)

Máire Bhéal Átha hAmhnais (Mary from Ballyhaunis)

Tráthnóna Beag Aréir (Late Yesterday Evening)

Seachrán Chearbhaill (The Ramblings of Carrule)

Méiltí Cheann Dubhrann (Sand Dunes of Ranafast)

Bean an Fhir Rua (The Red-Haired Man’s Wife)                                                      

Dónall agus Mòrag

Is Fhada Leam an Oidhche Gheamhraidh (Long to Me is the Winter’s Night)

 

Pilleadh Chun Oileáin (Returning to the Island)

The Flower of Magherally O

The Moving On Song (Go! Move! Shift!)

The Bonny Black Hare

Ag Geaftaí Bhaile Buí  (At the Gates of the Yellow Town) 

A Bhean Udaí Thall  (Woman over Yonder)

Corpus Christi Carol

Cuach Mo Londubh Buí (Cuckoo My Yellow Blackbird)

Category: CDs
  • Description

Description

Na Gamhna Geala (The White Calves)


‘S iad mo chuid gamhna, na gamhna geala
Itheann siad a’ féar is chan ólann siad a’ bainne
Téigheann siad anonn is anall ar a’ Bhanna
Is ní fearr leobhtha an tráigh acu ná lán-a-mara.


curfá:
     hÍm, bím bó! ‘siad mo ghrá-sa na gamhna!
     hUm bum bó! ‘siad mo bhrón-sa na 
     gamhna!
     Maille-liú, maille leo! ‘siad mo chrá-sa na 
     gamhna!
     Maidin chiúin sa tsamhradh gan na gamhna 
     ‘gam le seoladh


Is beag mo dhúil i gcupaí ná i gcártaí
Fuinneogaí gloine ‘gus rúmaí bána
Ba mhíle b’fhearr liom a bheith i gcró beag sa tsamhradh
Poll a bheith ar a’scraith is mé ag coimhéad ar na gamhna


Bheirim mo mhallacht do tsagart a phós mé
‘s an tarna mallacht don bhaile bhuí mhór seo
Chan ag cur maoil ar chártaí a chleacht mé ‘dtús m’óige
Ach ag rince ar a’ tamhnaigh ‘gus na gamhna a sheoladh.


Tiocfaidh an geimhreadh is greadfaidh an t-earrach
Is séidfear an sneachta go domhain ins na gleannta
Tiocfaidh éag ar an eallach is feannfar na gamhna
Is a charaid mo chléibh’ ná cur spéis ar bith iontu



An Rábaire (The Dashing Blade)

1.
D'éirigh ariamh liomsa imeacht ó mo mhuintir

Agus taisteal domh síos cois Féile

Mar shíl mé dá n-insinn go minic idir dhaoine

Go bhfaighfinnse luach mo cheird' ann.

2.

Ag taisteal na slí domh-sa, casadh chun tí mé

Agus d'iarr mé cead suí go séimh ann

D'fhreagair gan mhoill mé an tseanbhean chríonna

Agus dúirt nach raibh slí aici d'éinne.


3.

Labhair an bhrídeach leis an mhnaoi chríonna

"Nach bhfuil i do chroí aon daonnacht?

Rábaire an tsaoil mhóir a chur amach san oíche

Ag taisteal na slí is é ina aonar."

4.

"Mura bhfuil tuí agat nó leaba go luíodh sé 'r

Tabhair cead suí istigh féin dó"

Mo hata a scaoil mé de mhullach mo chinn

Agus ghabh mé léi míle buíochas.


5.

Nuair a bhí am dhul a luí ann d'ordaigh siad síos mé

Go seomra beag galánta aolmhar

Ina raibh leaba chlúimh mhíne faoi bhratacha líne

'Gus cuilteanna ar dhroim a chéile.

6.

Ba ghearr san oíche go dtáinig taobh liom

An ainnir 'gus í ina léine;

Ba bhlasta is ba chaoin mar a ghlac mé comaoin

Agus geallaim gur shín sí taobh liom.


7.

'Feadh tamaill 'na dhiaidh seo a chaith muid an oíche

Mise is mo mhaoin, ag pléaracht

(Is) nuair nach raibh mé á fáscadh le mo chroí isteach

Ba bhlasta mar d'inis mé scéal di.


8.


Gheall mé gach ní dí, culaith bhreá shíoda

Ó mhullach a cinn go féar glas

Siopa branda go mbeadh beath-uisce is fíon ann

Siúicrí milse agus tae ann.

9.

Ba ghearr san oíche go dtáinig fear a 'tí isteach

'S lena bhata mór draighin a phléasc mé

"A rábaire an tsaoil mhóir, nach bhfuil eagla an dlí ort

Agus tú a bheith sínte taobh léi!"


10.


Tusa, óró, a bhrídeach, tar anseo 'níos chugam

Is ná himigh ón áit seo, a chladhaire,

Go gcuirfidh mé rópa ort is go dtiocfaidh na péas ort

Is caithfidh m'níon tú a dhaoradh."


   

Seoladh na nGamhna (Driving the Calves)

1.

Tráthnóinín déanach ar thaobh an ghleanna,

'S mé 'seoladh na ngamhna faoin bhfásach,

Sea dhearcas taobh liom an spéirbhean chailce

Chiúntais bhanúil náireach;

D'fhiosríos féin go séimh den ainnir,

An éinn' í thar lear do tharla;

"Ag lorg na ngamhna 's ea d'fhágas an baile

'Gus ceann ní bhfaighead go lá 'cu".


2.

Tá crainnín cumhra i lúib na coille

Is ragham araon go lá ann

Mar a mbeidh ceol na n-éan dár síor-chur a chodladh

Is gheobhaimid na gamhna amárach;

Gheobham cead saor ó mhaoraibh na coille

Féar a thabhairt go lá dhóibh

'S le fáinne an lae beam araon ‘nár seasamh

Ag seoladh na ngamhna faoin bhfásach.


3.

“Dá mbeadh a fhios ag  mo mhámaí is dá mbeadh a fhios ag

mo dheadaí

Mise ‘gus tusa a bheith in éineacht

Fiche buile de mhaide a thabharfaí domh ar maidin

Is a Dhia, cad a dhéanfaimís an lá sin?"

“Fóill, fóill, a chailín, ní mise a dhéin dada ort

Ach a' rud a dhéanadh cheanna le mo mháithrín

Seo barr mo chúig méar duit, a ghrá agus a chumainn,

'S a chéad searc mo chúig chéad slán leat".

 

Casadh an tSúgáin (The Twisting of the Rope)

1.
A Rí na bhFeart cad a chas insan dúthaigh seo mé ?

Níos mó cailín deas a gheobhainn im' dhuthaigín beag féin

Nó gur casadh mé isteach mar a raibh searc agus grá geal mo chléibh'

'S chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.




Curfá:-           Má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín mo chroí

                  Má bhíonn tú liom, bí liom os comhair an tsaoil

                  Má bhíonn tú liom, bí liom, gach orlach ded' shlí.

'Sé mo lom go fann nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.


 2.

Tá mo cheann-sa liath le bliain is ní le críonnacht é

Is ní bheathaíonn na bréithre na bráithre pé sa domhan scéal é;

Is táim-se 'd' dhiaidh le bliain 's gan fáil agam ort féin,

'S gur gheall le fia mé 'r shliabh go mbeadh gáire con 'na dhiaidh!


 3.

Ó, threabhfainn, d'fhuirsfinn is chuirfinn síol insa chré,

Sheolfainn na gamhna ar a‘ talamh is fearr le a bhfaighfidís féar

Is chuirfinn crú fén each is mire shiúil riamh ar féar

'S ní éalódh bean le fear nach ndéanfadh sin féin.

 

Máire Ní Mhaoileoin (Mary Malone)

1.

Casadh orm sa choill í, mo chuid den tsaol 's mo stór,

Bhí gúna dearg teannta uirthi 'gus búclaí buí den ór

Thug me liom fan fhraoch í is chaith mé léi an oíche

Nó gur fhág mé ag gol sa chúinniú í, plúr na mban óg.

2.

"A' dtiocfaidh tú a' bhaint aitinne liom, a phlúr na mban óg?”

"Thiocfainn is a cheangail leat, a ógánaigh óig,

Rachainn féin chun Aifrinn leat is chan le grá do m'anam sin

Ach a gheall ar a bheith ag amharc ort, a ógánaigh óig".

3.

"A' dtiocfaidh tú chun teampaill liom, a ógánaigh óig?"

"Cad é bheadh muid a dhéanamh ann, a phlúr na mbán óg?"

"Bheadh muid ag éisteacht le cantaireacht na ministéirí Gallda

Nó go gcríochnódh muid an cleamhnas ann, a phlúr na mban óg".

4.

Tharraing mé amach mo scian bheag, mo chreach  's mo mhíle brón

Is lig mé fuil a croí léi go hiallach a bróg

Chaith mé domh mo chlóca, mo stocaí is mo bhróga

Is  d'éalaigh mé sa cheobhrán ó Mháire Ní Mhaoileoin

5.

Tháinig sí ar cuairt chugam uair roimh an lá

Is leag sí béilín fuair orm is chuir sí orm lámh

"Éirigh suas, a bhuachaill!  Is mithid duit 'bheith ag gluaiseacht

Tá an tóir anois anuas ort fá bhás a' chailín óig".

6.


"Tiocfaidh an bás ar cuairt agat uair roimh an lá

Is cuirfidh sé cúntas crua ort fa chuairt a dtug tú ar mhná

Beidh tú 'do luí i seomra uaigneach is braithlín gheal anuas ort

Is beidh piantaí géara ifrinn romhat, a ógánaigh óig!"

 
 

Máire Bhéal Átha hAmhnais (Mary from Ballyhaunis)
 

curfá:   Béal Átha hAmhnais, Máire Bhéal Átha hAmhnais

         Béal Átha hAmhnais, Máire Bhéal Átha hAmhnais.


1.

Ar a ghabháil 'na' chuain domh is mé bhí go huaibhreach

Tinn lag buartha i m'intinn,

Bhí mé 'féachaint uaim ar an spéir aduaidh

'S é ag éalú uaim 'na trealltaí

Ach faraoir géar gear 's mé an ceann gan  chéill

Nár ghlac mé comhairle mo mhaithrín féin

'S gur dhúirt sí liom fríd chomhrá ghrinn

Go Béal Átha hAmhnais ná triall ann.


2.

Ach ba mhór 'thug mé grá do mo cailín bán

An lá breá i gcúl an gharraí

'S do do bhéilín tláth mar chúr na trá

'S go ghruaidh chomh dearg leis na caorthainn

Chuir mé mo lámh ar a cúm, 's bhí mo chroí lán gruaim

Ag ceiliúr caoin na n-éanlaith

'S nach trua gan mise ag éaló leat

Faoi rópaí 's seoltaí séidte.


3.

Orú, a chuid 's a rún dá ngluaisfeá ar siúl

Go tír na long as Éirinn

Níl tuirse croí nó tinneas cinn

Nach leighisfí ann gan amhras

Nó ba tú mo rogha inniu is inné

Agus coinnigh agat féin ón bhás mé

Is gan grásta Dé ní mhairfidh mé

Ar an tsráid seo i mBéal Átha hAmhnais.

 

Tráthnóna Beag Aréir (Late Yesterday Evening)                                                                              [Séamus Ó Grianna]
[Séamus Ó Grianna ©]

1.

Thíos i lár a' ghleanna

Tráthnóna beag aréir

Agus a' drúcht 'na dheora geala

Ina luí ar bharr an fhéir

'Sea casadh domh-sa an ainnir

b'áille gnúis is pearsa,

Is í sheol mo stuaim 'un seachráin

Tráthnóna beag aréir.


2.

Agus a Rí nár lách ár n-ealaín

'Gabháil síos a' gleann aréir

Ag éaló fríd a' chanach

Agus ciúnas ins a 'spéir

Órú, rún mo chléibh’ nár mhilis

Ár súgadh croí 's nár ghoirid

Ó's a Rí na Glóire Gile,

Tabhair ar ais an oíche aréir.

3.

Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh

'Gus labhairt le stór mo chléibh’

Nó dá bhfaighinnse bua ar chinniúint

Cérbh mhiste liom fán tsaol?

Shiúlfainn leat fríd chanach

A's fríd mhéilte ar chiumhas na mara

Agus dúiche Dé dá gcaillinn

Go bpógfainnse do bhéal.

 

Seachrán Chearbhaill (The Ramblings of Carrule)


1.

Agus lá breá dá ndeacha mise a' breathnú ar an spéirbhean bhreá,

Mar b'shiúid í ainnirín na malaí 'gus na ngealchrobh lámh.

Bhí a grua mar an balla le go mbreactar air an t-aol mar bhláth,

Is a seang-mhalaí searca a nglaoitear ar an fhaontsúil bhreá.


2.

Ó bhí siúd aici, deir Peadar más (a) fíor le rá

Ó rós-bhéilín tanaí le caiseal agus toinnbhéal tláth

Bhí pingin insan mhaide aici 's dhá leith-phinghin eile anuas ar a' chlár,

Ní raibh fáil aici ar an chluiche údan ó mhaidin nó go n-éiríodh an lá.

3.

Muise, an gcluineann sibhse mise libh, a chailíní na sráide údan thiar

A' bhfuil mé i ngean oraibh le fada is mé faoi ghrásta Dé?

Tabhair an scéala uaim chuici agus aithris dí nach taobh léi atáim

Mar go bhfuil sin bean eile le fada a' mo chloí le grá

A' bhfuil lán doirne domhaine ins gach buinne dá dlaoi-fholt bhreá

Nó an bhfuil siad ina gcodladh mar is mithid daoibh m'úrscéal a fháil.

.




Dár seo 'gus dár siúd - is é an t-úrscéal a bhí ansiúd ná triúr 
bodachaí i dtús Earraigh a chuaigh ar thóir mónadh, iad fhéin 
agus an dá mhadaí con a bhí acu. Chuaigh siad ag iarraidh cead 
coilleadh ar a' Choirbíneach agus thug sé sin daofa.Chroch siad
leofa a bpéire tuannaí cúl-ramhra béal-tanaí.
Dhearmad siad a 'tapaidh ach thugadar a' mí-thapaidh leo.
Bhriseadar na giairsí (giarsaí) ach lig siad na maidí rámha leis a 'tsruth.

4.

Muise ar arraingeacha eagailte domh-sa nó pianta báis,

Mar atá mé 'a mo stancadh ag an arraing 'tá dhul fríd mo lár

Ó b'fhearr liom seal fada 'bheinn ag breathnú ar a' méin-chnis bhreá

Is dá bréagadh go maidin cé go mb'aor sin domh a leithéid a rá.


Dár seo 'gus dár siúd - is é an t-úrscéal a bhí ansiúd ná Cormaic 
Mac Airt mac Choinn Mac Thréanmhór uí Bhaoiscne a chuaigh ag tomhais
na léim ag binne brice bua a bhí i mBinn Éadain Mhic Éata Mhic Amhalghaidh,
an áit a dtáinig an chéad loing is an céad laoch go hÉirinn ariamh.


5.

Órú dheamhan sin gort socair nach i bhfogus dó 'tá nóinín fraoigh

Agus dheamhan sin an loch ar bith gan abhainn 'bheith 'gabháil uaithi síos.

Tá an reithe seo  ar sodair gus níl aon chónaí faoi

Is ní minic a tháinig sonas gan ann donas 'bheith in orlaí fríd.



Dár seo 'gus dár siúd - is é an t-úrscéal a bhí ansiúd ná reithe mór mo 
mháthar móire a chuaigh siar sa teampall ag réabadh amach "déascannaí".
Mara dtige siad roimhe reithe mór mo mháthar móire déanfaidh sé an deabhal
sa teampall mhór.


(i)

Má théann tú thart siar (ansin) chuig an tsean-bheainín bhéasach

A bhfuil aici scata de pháistí bréagach’

Cuimil do bhosa go sleamhain dá n-éadáin

Fainic an lochtofá tada dá dtréartha

Is an waigéaró wéaro, is í an chraoibhín gheal donn.


(ii)

Má théann tú thart siar (ansin) in ascal a' tomáin

Fainic tú féin ar eas údan Shiobháin

Báthadh dhá chaora inti minseach is mionnán

Capall Uí Dhomhnaill a chú is a ghearrán

Is an waigéaró wéaró, is í an chraoibhín gheal donn.



Méiltí Cheann Dubhrann (Sand Dunes of Ranafast)

[Séamus Ó Grianna ©]

1.

‘S a Mhéiltí Cheann Dubhrann, sibh a thógfadh domh cian,

Tráthnóna sa tsamhradh nuair a luigheas an ghrian;

Is aoibhinn do chladaigh d'oíche 's de ló

'S a Mhéiltí Cheann Dubhrann, céad slán libh go deo!


2.

'Sna Méilt údaí a chaith mé seal aoibhinn gan gruaim,

Is mé ag buachailleacht eallaigh ar imeall a' chuain

Is ann a bogadh mo chliabhán nuair a bhí mé beag óg,

'S a Mhéiltí Cheann Dubhrann, céad slán libh go deo!


3.

Nár mhéanar a bheith ann muna mbínn ann ach lá

'S mé ag amharc ar an fhaoilean 'na luí ar a 'tsnámh

Bheadh aoibhneas agus aiteas, bheadh spórt agus greann

'S a Mhéiltí Cheann Dubhrann, céad slán libh go deo!

4.

'S nach trua mise amárach 's mé gabháil eadar dhá dtír

Is sléibhte na coigrích 'cur cumhaidh ar mo chroí

Béidh mo roscaí mar a' shruthán ag síor-shileadh deor

'S a Mhéiltí Cheann Dubhrann, céad slán libh go deo.

5.

Tá néalta na maidine ar breacadh sa spéir

Tá na coilligh ag scairtigh le bánú an lae

Tá an soitheach ag fanacht in imeall a' cheoigh

'S a Mhéiltí Cheann Dubhrann, céad slán libh go deo!
 

 

Bean an Fhir Rua (The Red-Haired Man’s Wife)   

An Scéal                                                                                                                                     Bhuel, bhí táilliúir san áit seo fad ó shoin agus ní ar an táilliúir is mó atá iomrá air anois ach ar a iníon.  Bhí 'níon aige agus bhí sí ar chailín ba dóighiúil agus a chonaic súil ariamh.   Níl a fhios agam anois cé acu feabhas cuid táilliúireachta an athra nó áilleacht na hóigmhná a bhí a' tarraing na bhfear óg don áit, ach tá a fhios agam an méid seo go raibh an seantáilliúir ag fáil i bhfad níos mó ná a shaith oibre le déanamh, oiread oibre agus go mb'éigin dó fógra a chur amach ag iarraidh cuidigh.
Bhuel, bhí táilliúir san áit seo fad ó shoin agus ní ar an táilliúir is mó 
atá iomrá air anois ach ar a iníon.  Bhí 'níon aige agus bhí sí ar chailín 
ba dóighiúil agus a chonaic súil ariamh.   Níl a fhios agam anois cé acu 
feabhas cuid táilliúireachta an athra nó áilleacht na hóigmhná a bhí a' tarraing
na bhfear óg don áit, ach tá a fhios agam an méid seo go raibh an seantáilliúir
ag fáil i bhfad níos mó ná a shaith oibre le déanamh, oiread oibre agus go mb'éigin
dó fógra a chur amach ag iarraidh cuidigh. 
Ní raibh i bhfad go dtáinig sin chuige beirt de bhuachaillí óga gasta,
fear rua agus fear bán. Chuaigh a’ bheirt ag obair agus ní raibh i bhfad
gur thit a’ bheirt acu i ngrá leis an chailín óg. Agus ar ndóigh ba leor 
sin an chatharnacht a bhriseadh eatarthu ach rinne sí a rogha don fhear bhán.
B’fhearr léi an fear bán ná an fear rua.                                                                                                                         Ar scor ar bith, bhí an fear rua ansin lán éid agus ní raibh a fhios aige féin cad é an dóigh a dtiocfadh leis déanamh ar shiúl leis an fhear eile… agus tráthnóna amháin, bhí siad ag táilliúireacht agus dúirt an seanduine “Bhuel, a bhuachaillí,” ar seisean, “sílim go bhfuil lá fada go leor déanta againn. Beidh muid réidh leis. Bhuel, ar mhiste leat” arsan fear rua, “gheall mise culaith do fhear atá a dhul a phósadh gan mhoill agus gheall mé go mbeadh sí réidh agam maidin amárach agus ba mhaith liomsa dá ligfeá-sa suí síos mé.”                                             Ó, tá sin ins do chomhairle féin,” dúirt an seantáilliúir, “ach caithfidh mise stad.”                                                                                                                                     D’imigh an fear bán agus an cailín amach a’ spaisteoireacht agus chuaigh siad amach ar gcúil an tigh  agus shuigh siad ag bun crainn thall sa gharraí, tamailt ag suirí, creidim. Chuaigh an fear bán, an seantáilliúir agus a bhean agus iad uilig fá chónaí agus shuigh an fear rua ar fad.  Nuair a fuair sé uilig ina gcodladh iad, bhí bocsa mór sciana agus spunógaí airigid ag bean a’ tigh agus thug sé leis iad agus chuir sé isteach i mála an fhir bháin iad.  Maidin lá arna mhárach chrothnaigh bean a’ tigh na huirlisí seo. Chuir sí ceist ar an fhear rua. Dúirt sé nach bhfacaí..  Chuir sí ceist ar an fhear bhán agus dúirt seisean nach bhfacaí ar chor ar bith iad, agus an ceart ag an duine bhán, ní fhacaí. Scairt sí isteach ar an arm go gcuardódh siad an teach. Cuardódh an teach. Fuarthas na rudaí i mála an fhir bháin agus tugadh ar shiúil gaibhte chun an phríosúin é agus cuireadh roimh an chúirt é agus fuair sé príosúntacht as gadaíocht . Nuair a bhí an phríosúntacht istigh – bhí a lán ag cur buairimh air ar ndóighe - d'imigh sé as an tír ar fad mar bhí náire air.   Bhí sé doiligh go leor a bheith sa phríosún ach a bheith sa phríosún as gadaíocht agus ansin an rud a bhí déanta mí-cheart air. Rinneadh feall air.                                                                                                                Ach chuaigh na bliantaí thart agus bhuail cumhaidh air.  Dar leis gur dheas a theacht ar ais go bhfeicfeadh sé an raibh duine ar bith beo dár fhág sé ina dhiaidh nó cad é mar a bhí an saol.   Tháinig.   Bhí an seantáilliúir is a bhean marbh, a' fear rua pósta ar 'níon a' táilliúra agus é ag obair ar a chonlán féin. Shiúil a' fear bán isteach agus d'iarr sé obair, gur táilliúir a bhí ann.   Bhí sé bán ar ndóighe agus bhí fear de dhiabhail ar an fhear rua san am agus thug sé obair dó agus ina shuí ar a 'bhinnse, seo mar a thoisigh sé ……..
Ar scor ar bith, bhí an fear rua ansin lán éid agus ní raibh a fhios aige féin 
cad é an dóigh a dtiocfadh leis déanamh ar shiúl leis an fhear eile… agus tráthnóna
amháin, bhí siad ag táilliúireacht agus dúirt an seanduine “Bhuel, a bhuachaillí,”
ar seisean, “sílim go bhfuil lá fada go leor déanta againn. Beidh muid réidh leis.
Bhuel, ar mhiste leat” arsan fear rua, “gheall mise culaith do fhear atá a dhul 
a phósadh gan mhoill agus gheall mé go mbeadh sí réidh agam maidin amárach agus ba 
mhaith liomsa dá ligfeá-sa suí síos mé.” 
Ó, tá sin ins do chomhairle féin,” dúirt an seantáilliúir, “ach caithfidh mise stad.”
D’imigh an fear bán agus an cailín amach a’ spaisteoireacht agus chuaigh siad amach
ar gcúil an tigh  agus shuigh siad ag bun crainn thall sa gharraí, tamailt ag suirí,
creidim. Chuaigh an fear bán, an seantáilliúir agus a bhean agus iad uilig fá chónaí 
agus shuigh an fear rua ar fad.  Nuair a fuair sé uilig ina gcodladh iad, bhí bocsa 
mór sciana agus spunógaí airigid ag bean a’ tigh agus thug sé leis iad agus chuir sé 
isteach i mála an fhir bháin iad.  Maidin lá arna mhárach chrothnaigh bean a’ tigh na
huirlisí seo. Chuir sí ceist ar an fhear rua. Dúirt sé nach bhfacaí..  Chuir sí ceist
ar an fhear bhán agus dúirt seisean nach bhfacaí ar chor ar bith iad, agus an ceart 
ag an duine bhán, ní fhacaí. Scairt sí isteach ar an arm go gcuardódh siad an teach.
Cuardódh an teach. Fuarthas na rudaí i mála an fhir bháin agus tugadh ar shiúil gaibhte
chun an phríosúin é agus cuireadh roimh an chúirt é agus fuair sé príosúntacht as 
gadaíocht . Nuair a bhí an phríosúntacht istigh – bhí a lán ag cur buairimh air ar ndóighe
- d'imigh sé as an tír ar fad mar bhí náire air.   Bhí sé doiligh go leor a bheith sa 
phríosún ach a bheith sa phríosún as gadaíocht agus ansin an rud a bhí déanta mí-cheart air.
Rinneadh feall air. 
Ach chuaigh na bliantaí thart agus bhuail cumhaidh air.  Dar leis gur dheas a theacht ar ais
go bhfeicfeadh sé an raibh duine ar bith beo dár fhág sé ina dhiaidh nó cad é mar a bhí an 
saol.Tháinig. Bhí an seantáilliúir is a bhean marbh, a' fear rua pósta ar 'níon a' táilliúra
agus é ag obair ar a chonlán féin. Shiúil a' fear bán isteach agus d'iarr sé obair, gur 
táilliúir a bhí ann. Bhí sé bán ar ndóighe agus bhí fear de dhiabhail ar an fhear rua san am
agus thug sé obair dó agus ina shuí ar a 'bhinnse, seo mar a thoisigh sé……                                                                                                 
 
An tAmhrán  

1.

(Neos) táilliúir óg aerach mé 'déanamh éadaigh i dtoigh an fhir ruaidh

Agus thug mo chroí spéis don tsíbhean ba bhinne ná an chuach,

Agus thug mo chroí spéis dá béilín meala gan ghruaim,

Ó's a charaid mo chléibh' dá n-éalófá liom ón fhear rua!


2.

Nuair a théim-se suas ar cuairt go Condae na Mí

Agus cluinim an fear rua dá lua le rúirsearc mo chroí,

Nuair a chluinim níl aon suaimhneas ná aon néal de chodladh na hoích'

Gurb í Bean an Fhir Ruaidh a rinn' gual dubh in aice mo chroí.


3.

A bhruinneal gan smál 'bhfuil na dealraíocha deasa in do ghruaidh

An feasach domh ní ar bith a chloífeadh aigne an fhir ruaidh

Ní cheilim-se ar aon neach, cad é an fáth a bhfuil orm a' ghruaim

Is i gcoinne an Eaglais is bráithre is í grá mo chroí Bean an Fhir Ruaidh.

4.

Tá crann insan gharraí a bhfásann air an bláth buí

'S nuair a leagaim mo lámh air is láidir nach scoilteann mo chroí

Is ní iarrfainn féin aon spás ar an Ard-Rí (a)tá i bhFlaitheas na Naomh

Ach (an) aon phóg amháin is (í) á fáil ó Bhean an Fhir Ruaidh.


5.


Ó, rachaidh mé síos seal míosa nó coicíse ar cuairt

'Gus ní phillfidh mé aníos nó go síntear mo chaolchorp san uaigh

Ó, dochtúirí an domhain is ní  leaghasfadh siad mise ar an uaigh

Ach aon amharc amháin is é á fháil ó Bhean an Fhir Ruaidh.

6.

Nár fhága mé an saol seo a choíche 's nár cháille mé an greann

Go raibh mé is mo mhian gos íseal faoi bharra na mbeann,

'S gan aon neach 'bheith ar na gaobhair ach Bríd i measc dhuilliúr na gcrann,

Is a' fear ruaidh 'bheith sínte i gCill Bhríde (a)gus leac os a cheann!

                                              

Dónall agus Mòrag


1.

Bhí mórán daoine uaisle ann

Is tuatanaigh na hAlban ann

Bhí máistir scoile ‘san ministir ann

‘s an dlíghadóir Mac Cormaic ann




Curfá: Dónall, ‘sé Dónall,

       'sé Dónall a rinn’ a’ bhainis

       Dónall agus Mòrag a rinn’ a’ bhainis

       ainmeil


2.

Bhí cearc ann is bhí gé ann

Bhí scór is dúisín sgarbh ann

‘S a mhéid de éanlaith a bhí ann

Is í an chearc an t-éan a b’fhearr bhí ann


3.

Bhí ól ann is bhí ceol ann

‘gus chuile sheoirt de cheoltóir ann

Bhí triúr de lucht na fidile ann

Ag seinm ceoil go maidin ann


4.

Bhí an dí go fiall ‘s go fairsing ann

Bhí brandaí, fíon is bainne ann

Bhí poitín still is “take your fill”

Go leor do gach mac Éireann ann.
 

 

Is Fhada Leam an Oidhche Gheamhraidh

(Long to Me is the Winter’s Night)

 [Murchadh Mac Phàrlain ©]


‘S fhada leam an oidhche gheamhraidh
‘S fhada ‘s fhada ‘s fhada leam i
‘s o chan fhaic ach préiridh lom ann;
Chan chluinn tonn a tigh ‘ann gu tràigh mi

Séisd:
     Fáili, fáili, fáili óro
     Fáili, fáili, fáili óro
     Fáili, fáili, fáili óro
     ‘s cian nan cian bho dh’fhàg mi Leódhas


‘Nàm don fheasgar bhith ri ciaradh
‘S tric a bhios mo chridhe cianail
Cùimhneachadh g’eil cian nan cian uam
Far ‘m bu mhiann leam dhol a chéilidh



Ach càite càite nochd an téid mi?
Chan ‘eil céilidh air a’phréiridh
‘S o chan fhaic mi ‘n àm dhomh éirigh
‘N àirde ‘g éirigh ceò na mònach

 

 

Pilleadh Chun Oileáin (Returning to the Island)

[Pádraig Ó Baoighill ©]



Curfá: Líon muid na gloiní 'gus líon muid na cártaí,

       'Gus d'ól muid ár sáith i dtoigh Hiúdaí Sheáin Óig

       Bhí an géarbhach 's an bháisteach amuigh ar na sclátaí

       Nuair isteach ar a' táirseach tháinig Hiúdaí Bhriain Eoghain.



É féin is a bhaicle a' tarraingt ón choigchríoch

A brath dhul chun oileáin is an oíche mar bhí

Ach bhí an géarbhach 's an bháisteach róthrom

ag na rámhaí

'S chaith siad a gceirtlín in íochtar a 'toigh.



Bhí tine mhór mhónadh chomh croíúil is chomh craosach

'S na gloiní a' loinnriú go cíocrach os ár gcomhair

Bhí an portar mar uachtar is an leann go deas cumhra

'S  an bhruinneall dheas álainn ag síor-dháileadh beoir.



Tharraing muid ar a' chlúdaigh 's na gloiní 'nár gcrúba

Is d'ordaigh muid póitín de bhunadh Bhriain Eoghain

A leithéid d'oíche a theacht chun na tíre

'S gan críostaí ar na gaobhair ó mhaidin go neoin.



Tháinig ainnir dheas álainn go caoin 's go mánla

'S a gruaig dheas fhionn-bhán anuas lena gruaidh

Chuir sí na gloiní anuas ar na clárthaí

"Bíodh an deoch sin ar bord ó Hiúdaí Sheáin Óig"




Bhí róisteacha gaoithe 's an fharraige  a' búirthigh

Bhí an t-oileán faoi smúid dhubh amuigh ins an cheo

Ní fhéadfadh mac máthara dhul amach ins an oíche

Ach bhí féile 'gus fáilte 'dtoigh Hiúdaí Sheáin Óig.



Thoisigh na scéaltaí is an seanchas ón choigchríoch

Ceol agus amhráin agus glionndar go leor

Ach fág mar atá sé 'gus spreidheamh ar an aimsir

Beidh óiche go maidin 'dtoigh Hiúdaí Sheáin Óig.




The Flower of Magherally O


One pleasant Summer’s morning
when all the flowers were springing O,
Nature was adorning and the wee
birds sweetly singing O,
I met my love near Banbridge town,
my charming blue-eyed Sally O,
She's the queen of the County Down
the flower of Magherally O.

With admiration I did gaze
upon this blue-eyed maiden O,
Adam wasn’t half so much plazed,
when he met Eve in Eden O,
Her skin was like the lily white,
that grows in yonder valley O,
She's my queen and my heart's delight
the flower of Magherally O.

Her yellow hair in ringlets clung,
her shoes were Spanish leather O,
Her bonnet with blue ribbons strung
her scarlet cap and feather O,
Like Venus bright she did appear
my charming blue-eyed Sally O,
She's the girl that I adore
the flower of Magherally O.

I hope the day will surely come,
when we’ll join hands together O,
It's then I'll bring my darling home,
in spite of wind or weather O,
And let them all say what they will,
and let them reel and rally O,
For I shall wed the girl I love,
the flower of Magherally O.

 

The Moving On Song (Go! Move! Shift!)

[Ewan McColl ©]


Born in the middle of the afternoon                                                                            In a horse-drawn carriage on the old A5.                                                                                The big twelve-wheeler shook me bed                                                                                           “You can’t stay here” the policeman said.
In a horse-drawn carriage on the old A5.                                                                            The big twelve-wheeler shook me bed                                                                                           “You can’t stay here” the policeman said.
The big twelve-wheeler shook me bed
“You can’t stay here” the policeman said.
Chorus:

“You’d better get born in some place else.
Move along, get along
Move along, get along
Go! Move! Shift!!”


Born to the common by a building site

Where the ground was rutted by the trail of wheel

The local Christians said to me

“You’ll lower the price of property”


Born at tatie lifting time

In an old gold tent by a tatie field

The farmer said “The work’s all done,

It’s time that you was movin'on”.



Born at the back of a hawthorn hedge

Where black moar frost lay on the ground.

No eastern kings came bearing gifts

Instead the order came to shift.



The eastern sky was full of stars

But one shone brighter than the rest

The wisemen came so stern and strict

And brought the orders to evict.


Wagon, tent or trailer born

Last month , last year or in far off days

Born here or a thousand mile away

There’s always men nearly who’ll say

Chorus: “You’d better get born in some place else.
         Move along, get along,
         Move along, get along 
         Go! Move! Shift!!”

 

The Bonny Black Hare


On the fourteenth of May at the dawn of the day

With me gun on me shoulder to the wood I did stray

In search of some game if the weather proved fair

To see could I get a shot at the bonny black hare.


Oh, I met a young girl her with the face of a rose

Her skin was as fair as the lily that grows

I said “me fair maiden why ramble you so

Can you tell me where the bonny black hare do go?”


Oh, the answer she gave me, her answer was “no”

“But under me apron they say it do go

And if you’ll not deceive me oh I vow and declare

We’ll both go toghe’r to shoot the bonny black hare.


Oh, I laid this girl down with her face to the skies

I took out me ramrod and me bullets likewise

I said lock your legs round me and dig in with your heels

For the closer we get love, the better it feels.


Now the birds they were singing in the bushes and trees

The song that they sang was “Oh she’s easy to please”

I felt her heart quiver and I knew what I’d done

Says I “Have you had enough of me old sporting gun”.


Oh, the answer she gave me her answer was “nay”

It’s not often young sportsman that you come this way

But if your powder is good and your bullets play fair

Why don’t you keep firing at me bonny black hare.


Oh, me powder is wasted and me bullets are gone

Me ramrod is limber and I cannot fire on

But I’ll be back in the morning and if you are still there

We’ll both go again to shoot the bonny black hare.

 

Ag Geaftaí Bhaile Buí  (At the Gates of the Yellow Town)


I.

Ag geaftaí Bhaile Buí a rinne mise an gníomh

A bhí amaideach baoth-dhéanta

Ealódh le mnaoi seal tamaillt insan oíche

Ar neamh-chead 'a raibh faoi na spéartha

Mar bhí mé lag gan bhrígh gan mhisneach i mo chlí

'S í agam ar mhín shléibhe

Bhí an codladh 'a mo chloí 'gus b'éigin domhsa luí

Agus d'imigh sí 'na fíor-mhaighdean.


2.

'Gabháil a luí don ghréin fán am seo aréir

Is agamsa bhí 'n scéala buartha

Ba é a shamhailt domhsa a' té a shínfí insa' chré

Ó's a Mhuire, nach mé an truaighe!

'Sé deirfeadh mo chairde a' méid acu bhí 'láthair

"Altaigh leis na mná, a bhuachaill"

'S a' méid a ngoillfeadh orthu mo chás ghoillfeadh siad a saith

Fa mo chroí a bheith 'mo lár 'na ghual dubh.


3.

Dá mbínn-se thall sa Spáinn 'mo luí ar leabaí 'n bháis

Agus chluinninn-se do dháil in Éirinn.

Go n-éireóchainn chomh sámh leis an bhradán ar a' tsnámh

I nduibheagán i lár na hÉirne.

Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go brách

'Mura bhfá' mise scríobhtha i mBéarla é

Gur chaith mé naoi lá ag cleasaíocht leis a' bhás

A’ dúil go bhfuighinn spás ar éigin.


4.

Ó, a Mhuire (a)gus a Rí, nach mairg a bíos

I dtoiseach an tsaoil le pléisiúir

'Gus a ghiorracht is a bíos an tinneas a' do chloí

'S 'a do tharraingt ar na críocha déanacha

Níl sé ar a' domhan ní ar bith ba mhó

Is peacaí (a)gus is mó dá ndéantar

Ná an mhaighdean deas óg a mhealladh le do phóig

Is a fágáil faoi bhrón 'na dhiaidh sin.

 

A Bhean Udaí Thall  (Woman over Yonder)

An tAmhrán

1.


A bhean udaí thall, a thíogadh,

A' siúl 'na trágha, a thógadh,

Nach trua leat bean ag cealgadh ceoigh?

'S í dhul dá báthadh i mBaile Leo.

2.

Níl mo dháimh leat, a thíogadh,

Ná mo pháirt,  a thógadh,

Nuair nach bhfuil, a thiúirí ceoigh

Bheirim cead snáimh duit i mBaile Leo.

3.

Tiocfaidh m'athair amáireach, a thíogadh

Anuas fan chladach, a thógadh,

Is gheobhaidh sé mise a thiúirí ceoigh

I mo bhradán bhog bháite i mBaile Leo.

4.

Tá  leanbh beag agam, a thíogadh,

I gcionn a' ráithe, a thógadh,

Leanbh beag eile, a thiúirí ceoigh

I gcionn a trí ráithe i mBaile Leo.

5.


Nach méanar don bhean óg, a thíogadh,

'Thiocfas i m'áit, a thógadh,

Beidh rúmannaí bána is seomraí ard'

'Gus fuinneogaí gloine aici i mBaile Leo.

6.

Tabhair mo bheannacht, a thíogadh,

Ansoir mo mháthar, a thógadh,

Beannacht bheag eile, a thiúirí ceoigh

Chuig athair mo chlainne i mBaile Leo.

 

Corpus Christi Carol

[Original Middle English lyrics]

He bare hym vp, he bare hym down,
He bare hym in to an orchard brown.
Lully, lulley, lully, lulley!
Þe fawcon hath born my mak away.

In þat orchard þer was an hall,
Þat was hangid with purpill & pall;
Lully, lulley, lully, lulley!
Þe fawcon hath born my mak away.

And in þat hall þer was a bede,
Hit was hangid with gold so rede;
Lully, lulley, lully, lulley!
Þe fawcon hath born my mak away.

And yn þat bed þer lythe a knyght,
His wowndis bledyng day & nyght;
Lully, lulley, lully, lulley!
Þe fawcon hath born my mak away.

By þat bedis side þer kneleth a may,
& she wepeth both nyght & day;
Lully, lulley, lully, lulley!
Þe fawcon hath born my mak away.

& by þat beddis side þer stondith a ston,
“Corpus Christi” wretyn þer-on.
Lully, lulley, lully, lulley!
Þe fawcon hath born my mak away.

 

Cuach Mo Londubh Buí (Cuckoo My Yellow Blackbird)


Bhí mise is mo bhean bheag lá gabháil a' bóthar,

's óró 'ghrá mo chroí,

Is cé chasfaí dúinn ach gruagach an óir bhuí,

Cuach mo londubh buí.


D' fhiafraigh sé domhsa an 'níon domh an óigbhean,

Is dúirt mé féin gurbh í mo bhean phóst' í.


Curfá: Cuach inniu a's (a) cuach amárach,

       Cuach mo londubh buí,

       Is cuach i ndiaidh achan lá go ceann ráithe,

       Cuach mo londubh buí.




"A' dtabharfaidh tú domhsa choíche go deo í?

Mur ndéanfaidh tú sin liom déanfaidh mé cóir leat".



"Gabh tusa na mullaigh 'gus mise na móinte,

Is cibé fear ' leanas sí bíodh sí go deo aige.



Chuaigh seisean na mullaigh 'gus mise na móinte,

‘gus lean sí an gruagach nó b'aige bhí an óige.



Phill mé ‘na bhaile go buartha cráite,

Is luí mé síos ar mo leaba trí ráithe.
 

Related products

  • The Continental Céilí

    The Continental Céilí – Seoirse & Peadar (1989)

    Read more
  • Crimson Moon

    Crimson Moon

    €14.85
    Add to basket
  • Crimson Moon - Gealach Dhearg

    Crimson Moon – Gealach Dhearg

    €10.00
    Add to basket
  • Anything That's Part of You cover

    Anything That’s Part of You

    €4.90
    Add to basket

About Seoirse | Contact Seoirse

Copyright © Seoirse Ó Dochartaigh, Inishowen, Co. Donegal, Rep. of Ireland / Website Made in Trenbania

  • Music
  • Paintings
  • Archives
  • Lectures
  • Shop
  • 1 item€10.00